← Is beag lá a théann thart nach gcloisimid faoi thubaiste nó faoi thragóid uafásach a tharla i gcearn éigin den domhan de bharr na drochaimsire - tuilte anseo, tinte ansiúd agus triomach nó stoirmeacha san áit eile. 🔊
← Séanann na daoine seo go bhfuil aon athrú bunúsach ag teacht ar an aeráid nó má tá, gur feiniméan nádúrtha é nach bhfuil aon neart againn air. 🔊
← Mar sin níl le déanamh againn, dar leo siúd, ach treabhadh ar aghaidh mar atáimid agus ár dtoil a chur le toil Dé - más ann Dó nó Di nó Dóibh. 🔊
← Ní shéanann siad gur tháinig agus go dtagann athrú ar an aeráid ach na hathruithe a thógadh cúpla céad bliain nó cúpla míle bliain, tá siad ag tarlú anois in achar an-ghearr, achar fiche bliain nó níos lú. 🔊
← Cé gur annamh a fheicfeá simléirí móra arda agus iad ag scaoileadh uatha deatach dubh nó smúit suas san aer sa taobh seo den domhan nílimid gan locht. 🔊